TACAÍOCHT

 CC

Tá rochtain saor in aisce ar amharcóir mapa an OSi agus ar na huirlisí gaolmhara i scoileanna a úsáideann Líonra Leathanbhanda na Scoileanna (SBN). Is féidir leis an múinteoir, áfach, rochtain a fháil lasmuigh de Líonra Leathanbhanda na Scoileanna (SBN) ach trí shíniú isteach lena Chuntas Scoilnet. Tuilleadh eolais ar Chuntais Scoilnet agus sonraí faoin gclárú ag www.scoilnet.ie/scoilnet-services/scoilnet-accounts/

Is féidir amharc ar Mhapaí Fionnachtana, mar shampla, idir scála 1:50,000 agus 1:10,000. Thairis sin gheobhaidh tú mapa folamh.

Mar an gcéanna, caithfear zúmáil isteach ar scála 1:10,000 nó níos mó chun breathnú ar an ‘Stairiúil 6 hOrlaí’ nó ‘Cassini 6 hOrlaí’. Ní thaispeánfar ach mapa stairiúil cineálach ar scálaí níos lú ná sin.

Ba cheart duit a thabhairt faoi deara freisin nach mbeidh cuid de na sraitheanna le feiceáil ach ar scálaí áirithe. Ní féidir breathnú ar shraith Mhapáil an OPW ar Thuilte thar an scála 1:50,000, mar shampla. Ní thaispeánfar rud ar bith ar na mapaí mar sin má sháraíonn tú an scála sin agus tú ag zúmáil isteach. Mar an gcéanna, ní féidir breathnú ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta thar an scála 1:25,000

Is féidir. Soláthraíonn giuirléid ‘Eangach na hÉireann’ uimhreacha tagartha d’Eangach Náisiúnta na hÉireann feadh thaobh uachtair na mapaí agus feadh thaobh lámh dheas na mapaí laistigh de Mapaí Scoilnet. Tá sé éifeachtach go háirithe agus tú ag amharc ar na mapaí ‘Discovery’, toisc go bhfuil líne Eangach Náisiúnta na hÉireann infheicthe ar na mapaí sin.

Cliceáil an deilbhín # ar bharra na ngiuirléidí ar bhun an mhapa chun an ghiuirléid ‘Irish Grid’ a oscailt.

Taispeánann giuirléid ‘Eangach na hÉireann’ tagairtí eangaí ar an gcanbhás mapa agus tú zúmáilte isteach ag scálaí 1:50,000, 1:25,000, 1:10,000 agus 1,5,000.

Is féidir leat na rudaí seo a phriontáil. Beidh ort do mhapa roghnaithe a easpórtáil go PDF ar dtús – tríd an ngiuirléid ag bun an mhapa a úsáid. Tabharfaidh sé seo deis duit an mapa a shábháil mar PDF agus is féidir leat é seo a phriontáil. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, áfach, nach mbeidh cáilíocht an mhapa phriontáilte chomh maith leis an taispeántas ar an scáileán.

. Ní bhíonn eochracha eolais le feiceáil ach amháin nuair a thosaíonn sraitheanna ag obair. Bíonn eochracha eolais OSi ar fáil mar PDF amháin.

Ní bhíonn eochracha eolais le feiceáil ach amháin nuair a thosaíonn sraitheanna ag obair. Bíonn eochracha eolais OSi ar fáil mar PDF amháin.

LEIDEANNA CABHRACHA 

UIRLISÍ ÚSÁIDEACHA agus

ACMHAINNÍ CHUN

MAPAÍ OSi A ÚSÁID

Back to Top