EOLAS FAOI SCOILNET MAPS
Is tionscnamh de chuid SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas iad Mapaí Scoilnet.
![]()






Forbraíodh an suíomh le cúnamh an Aonaid um Phleanáil Chun Cinn de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna agus na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
MISEAN & FÍS
Tá sé mar aidhm ag Mapaí Scoilnet:
- Rochtain ardchaighdeáin a thabhairt do gach bunscoil agus iar-bhunscoil i Líonra Leathanbhanda na Scoileanna ar mhapaí digiteacha de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus ar mhapaí an domhain agus grianghraif ón aer.
- Uirlis an-idirghníomhach, amhairc agus tharraingteach a chur ar fáil a thugann deiseanna beocht a chur sna léarscáileanna sa seomra ranga..
- Sraith uirlisí a chur ar fáil le húsáid leis na mapaí a thacaíonn le foghlaim feadh réimse leathan ábhar, lena n-áirítear Tíreolaíocht, Stair agus Matamaitic. Mar shampla, uirlisí ‘tarraing agus tomhais’ agus ‘svaidhpeáil agus spotsolas.
- Fothacar sonraí ón earnáil phoiblí a bhaineann leis an gcuraclam a chomhtháthú ar bhealach atá cuí do theagasc agus foghlaim i scoileanna na hÉireann.
- Mapáil stairiúil ó 1829 go dtí 2010 a chur ar fáil d’fhonn neart deiseanna a chur ar fáil le féachaint ar athruithe le himeacht aimsire.




