11 Iúil 2013 Faigheann Mapaí Scoilnet Duais um Ghnóthachtáil Speisialta in GIS in San Diego.
Roghnaigh Esri Inc Mapaí Scoilnet mar bhuaiteoir na bliana seo den Duais Speisialta in GIS (SAG) d’Éirinn. Reáchtáladh an searmanas bronnta ar an 10 Iúil ag Ionad Comhdhála San Diego. Aithníonn an duais comhtháthú GIS i scoileanna na hÉireann chun an taithí sa seomra ranga a fheabhsú do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon.
Faigheann Tony Dunne agus Karin Whooley Duais SAG do Mhapaí Scoilnet i mBaile Átha Cliath.
Maidir le Duais SAG
Cuireann foireann an Esri ainmniúcháin isteach i gcomhair na Duaise Gnóthachtála Speisialta in GIS as na mílte eagraíocht ar fud an domhain agus ansin déanann Jack Dangermond, Uachtarán Esri, athbhreithniú pearsanta orthu agus roghnaíonn sé an buaiteoir.

