Jul 012013
31 Iúil 2013 Plean ceachta nua ar fáil – Mapaí Scoilnet a Úsáid chun Foghlaim faoi Dhaonra Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW).
Foilsíodh plean ceachta nua do Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta dar teideal Mapaí Scoilnet a Úsáid chun Foghlaim faoi Dhaonra Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW). Taispeánann an ceacht an dóigh ar féidir na SRAITHEANNA i Mapaí Scoilnet a úsáid ar bhealach a chabhraíonn leis an siollabas. Go háirithe, úsáidtear an tsraith TEORAINNEACHA chun Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW) a aimsiú agus úsáidtear an tsraith Sonraí Daonra an Daonáirimh chun scrúdú a dhéanamh ar dhinimic dhaonra an réigiúin.
Tá bileog ghníomhaíochta ghaolmhar do dhaltaí ar fáil freisin.
