04 Meán Fómhair 2013 Mapáil Daonáirimh le AIRO
Tá An tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag OÉ Má Nuad agus Mapaí Scoilnet tagtha le chéile chun modúl idirghníomhach faoi Mhapáil Daonáirimh a chur ar fáil. Léiríonn an modúl mapála (thíos) réimse leathan sonraí daonáirimh ó 1996 go 2011 do chontaetha agus réigiúin. Tá sé ábhartha go háirithe le haghaidh churaclam na hArdteistiméireachta. Tá pleananna ceachta gaolmhara do Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta ar fáil i gCrios na Múinteoirí.
D’oibrigh An tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag OÉ Má Nuad linn chun modúl idirghníomhach faoi Mhapáil Daonáirimh a chur ar fáil do scoileanna. Léiríonn sé réimse leathan sonraí daonáirimh ó 1996 go 2011 do chontaetha agus réigiúin. Tá pleananna ceachta gaolmhara do Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta ar fáil i gCrios na Múinteoirí.
