Jun 192013
 

19 Meitheamh 2013 Cuireadh roinnt feabhsuithe feidhmiúla den scoth i bhfeidhm ar Mhapaí Scoilnet.

  1. Bosca cuardaigh nua sa bharra uirlisí uachtair chun é a dhéanamh níos éasca agus níos tapa cuardach i gcomhair áiteanna.
  2. Úsáid bhunachar shonraí Logeolaire an Phoist taobh thiar den fheidhm chuardaigh. Tá gach seoladh in Éirinn sa Logeolaire.
  3. Forbairt ghiuirléid nua Eangach na hÉireann (ar fáil sa bharra uirlisí uachtair) a thaispeánann tagairtí Eangach na hÉireann ar na mapaí idir scálaí 1:50,000 agus 1:5,000.
  4. Modhnuithe ar an ngiuirléid ‘Svaidhpeáil agus Spotsolas’ chun í a dhéanamh níos soiléire agus níos iontaofa le húsáid.
  5. Sraith Geolaíochta Buncharraige a chuimsiú d’Éirinn.
  6. An cumas chun fuinneoga míre aníos a bhogadh ar fud an scáileáin.
  7. Feabhsuithe ar na réamhshocruithe don ghiuirléid ‘Tarraing agus Tomhais’.