Léarscáileanna OSi
Leagan Flash (bunleagan) Leagan Tablet/iPad (béite)
Breathnaigh ar shonraí uile léarscáilithe OSI lena n-áirítear an tsraith Discovery 1:50,000, grianghrafadóireacht ón aer agus léarscáileanna mórscála le haghaidh Phoblacht na hÉireann.
Eochair Eolais le haghaidh Mapáil Discovery (PDF) Eochair Eolais le haghaidh Mapáil Stairiúil (PDF)
Léarscáileanna an Domhain
Leagan Flash (bunleagan) Leagan Tablet/iPad (béite)
Léarscáileanna shráideanna an domhain, grianghrafadóireacht ón aer agus léarscáiliú topagrafach (a bhuí le esri inc).
Mapáil Daonáirimh le AIRO
Tá An tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag OÉ Má Nuad agus Mapaí Scoilnet tagtha le chéile chun modúl idirghníomhach faoi Mhapáil Daonáirimh a chur ar fáil. Léiríonn an modúl mapála (thíos) réimse leathan sonraí daonáirimh ó 1996 go 2011 do chontaetha agus réigiúin. Tá sé ábhartha go háirithe le haghaidh churaclam na hArdteistiméireachta. Tá pleaanna ceachta gaolmhara do Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta ar fáil i gCrios na Múinteoirí.
The True Size
Since the 16th century most world maps have been presnted in 2D using what has come to be known as the Mercator Projection. However, such a view distorts the size of objects as the latitude increases from the Equator to the poles; areas farther away from the equator appear disproportionately large. The True size is a web application that lets you drag-and-drop different countries on a world map and see how they shrink or grow on a standard Mercator Projection map. It’s a simple tool, but an eye-opening one that can be quickly used to show just how skewed maps can be.
Comparáid idir Sonraí Cumhdaigh Thalún Corine
Suíomh gréasáin deas a dhéanann comparáid idir sonraí cumhdaigh thalún Corine d’Éirinn taobh le taobh (1990, 2000 agus 2006).
Mapaí Oidhreachta
Amharcóir mapa ina bhfaightear an dúrud tacair shonraí maidir le bithéagsúlacht agus oidhreacht na hÉireann. Cuirtear réimse mór faisnéise faoi chultúr agus faoi oidhreacht ar fáil san amharcóir seo do dhaltaí agus do mhúinteoirí ar bhonn amhairc, mar shampla, faisnéis faoi thránna brataí goirme, faoi thaitneamhachtaí turasóireachta, faoi speicis phlanda agus faoi iascaigh intíre.
Astuithe Dé-Ocsaíd Charbóin ag Méadú
Tá astuithe CO2, ar gás ceaptha teasa í, tar éis ardú go seasta le 30 bliain anuas. Amharc ar fhaisnéis faoi astuithe tíortha ar leith ar an mapa seo.
Geography, class, and fate: Passengers on the Titanic
Céad bliain ó shin, bhuail an Titanic faoi chnoc oighir san Atlantach Thuaidh agus chuaigh sí faoi uisce. Trí bhailte dúchais na dtaistealaithe a mhapáil, taispeántar stádas inimirceach fhormhór na bpaisinéirí den tríú grád, a raibh an ráta básanna is airde acu.
